Skip to main content
Veterinary Medicines

Maidir leis an láithreán gréasáin seo

Leis an láithreán gréasáin seo is féidir faisnéis oifigiúil a aimsiú atá cothrom le dáta maidir le cógais atá le húsáid in ainmhithe atá údaraithe áit ar bith san Aontas Eorpach (AE) agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus is féidir a fháil amach cad iad na tíortha ina bhfuil cógas tréidliachta ar leith ar fáil.

Tá faisnéis ann maidir leis na nithe seo a leanas:

  • cógais tréidliachta údaraithe;
  • cógais tréidliachta hoiméapatacha chláraithe;
  • cógais tréidliachta a d’aistrigh dáileoirí mórdhíola ó thír amháin AE/LEE go tír AE/LEE eile.

Is féidir cógais a chur i gcomparáid le chéile go héasca freisin trí úsáid a bhaint as uirlis an láithreáin ghréasáin atá ar fáil tríd an bhfeidhm chuardaigh chun cógais a chur i gcomparáid le chéile.

Foinse na sonraí cógais

Is go díreach ó ‘Bhunachar Sonraí Táirgí an Aontais', bunachar sonraí AE a thagann an fhaisnéis atá le feiceáil ar an láithreán gréasáin seo, ina mbailítear agus ina stóráiltear faisnéis faoi tháirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe san AE/LEE.

Cuireann an t-údarás rialála cógas a d’údaraigh úsáid an chógais an fhaisnéis faoi gach cógas isteach sa bhunachar sonraí. Tá an t-údarás seo freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise a áirithiú.

D’fhéadfadh ceann amháin díobh seo a leanas a bheith ina údarás freagrach:

  • an rialtóir um chógais tréidliachta i mBallstát AE nó i dtír LEE (an t-údarás inniúil náisiúnta), más rud é go bhfuil an cógas údaraithe go náisiúnta lena úsáid i dtír amháin nó níos mó;
  • an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), más rud é go bhfuil an cógas údaraithe go lárnach lena úsáid ar fud AE/LEE.

Is féidir a fháil amach céard é an t-údarás atá freagrach as gach cógas ar leathanach an chógais faoi ‘Sonraí an údaraithe’.

Déantar an láithreán gréasáin a nuashonrú go huathoibríoch a luaithe a bheidh faisnéis nua nó faisnéis nuashonraithe ar fáil sa bhunachar sonraí. Is féidir nuashonruithe ar an láithreán gréasáin seo a rianú ar ár leathanach an méid atá nua.

Coimeádann EMA an láithreán gréasáin seo i gcomhar le húdaráis rialála cógas AE/LEE, agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Tuilleadh eolais:

Beartas teanga

Tá an láithreán gréasáin seo ar fáil i ngach teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh (AE) agus san Íoslainnis agus san Ioruais araon.

Is féidir do rogha teanga a roghnú ag an mbarr ar dheis de gach leathanach ar an láithreán gréasáin.

Cógais a chuardach

Is féidir cógais a chuardach ar an láithreán gréasáin seo agus do theanga roghnaithe á húsáid agat.

Áirítear leis sin cuardach a dhéanamh ar chógais nach bhfuil údaraithe i dtír ina n-úsáidtear do theanga roghnaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh ainm an chógais agus roinnt faisnéise eile i liosta na dtorthaí cuardaigh a bheith i dteanga eile, ag brath ar an tír a d’údaraigh é.

Faisnéis maidir le cógais

Tá fíricí tábhachtacha faoi na cógais uile atá le fáil ar an láithreán gréasáin seo ar fáil i do theanga roghnaithe. Áirítear leis sin, mar shampla, an spriocspeiceas, an bealach tabhartha agus an fhoirm chógaisíochta.

Seans nach mbeidh faisnéis eile ar fáil ach i dteanga eile. D’fhéadfadh Béarla nó teanga/teangacha na tíre a d’údaraigh an cógas a bheith i gceist. 

Áirítear leis sin, mar shampla, roinnt faisnéise a thaispeántar ar leathanach an chógais, ar bhileog an phacáiste agus sna doiciméid maidir le hachoimre ar shaintréithe an táirge.

Cosaint sonraí

Le go n-oibreoidh an láithreán gréasáin seo i gceart duitse, cuirimid comhaid bheaga sonraí ar a dtugtar fianáin ar do ghléas. Is féidir leat a chinneadh cé acu an rianófar nó nach rianófar thú leis na fianáin sin. Is féidir na fianáin a scriosadh tráth ar bith. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

Maidir le sonraí cógais agus doiciméid a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin seo, is iad na heagraíochta a leanas a dhéanann iad a phróiseáil agus a sholáthar:

  • na húdaráis inniúla náisiúnta agus na sealbhóirí údaruithe margaíochta le haghaidh cógas atá údaraithe trí nósanna imeachta náisiúnta, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (Rialachán (AE) 2016/679).
  • an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach le haghaidh cógas atá údaraithe go lárnach, i gcomhréir le Rialachán AE maidir le Cosaint Sonraí (RCS AE) (Rialachán (AE) 2018/1725).

Tá faisnéis maidir leis an gcaoi a ndéanann an EMA sonraí pearsanta a phróiseáil ar fáil ar láithreán gréasáin EMA:

Le haghaidh ceisteanna maidir le cosaint sonraí, téigh i dteagmháil le dataprotection@ema.europa.eu.

Teagmháil

I gcás ceisteanna faoi chógas ar leith, téigh i dteagmháil le sealbhóir an údaraithe margaíochta nó leis an údarás atá freagrach. Is féidir a fháil amach cé hiad ar leathanach an chógais faoi ‘Sonraí an údaraithe’.

Chun tacaíocht theicniúil a fháil maidir leis an láithreán gréasáin seo, bain úsáid as EMA Service Desk

Gluais

Chun sainmhínithe a fháil ar na príomhthéarmaí rialála a úsáidtear ar an láithreán gréasáin seo, déan gluais EMA na dtéarmaí rialála a sheiceáil. I mBéarla amháin atá an ghluais ar fáil:

Creat dlíthiúil

Feidhmíonn an bunachar sonraí a chuireann taca faoin láithreán gréasáin seo, ar a dtugtar ‘Bunachar Sonraí Táirgí an Aontais’, chun dlí cógaisíochta AE a chur chun feidhme sa Rialachán maidir le Táirgí Íocshláinte Tréidliachta (Rialachán (AE) 2019/6). Is iad seo a leanas cuid de chuspóirí an Rialacháin:

  • trédhearcacht a mhéadú maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú lena n-úsáid in AE/LEE;
  • tacú le faisnéis faoi tháirgí íocshláinte tréidliachta a chomhchuibhiú;
  • uirlis iontaofa a chur ar fáil do chleachtóirí tréidliachta chun na roghanna cóireála atá ar fáil a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile.

Sheol Ballstáit AE agus tíortha LEE, an Coimisiún Eorpach agus EMA an láithreán gréasáin seo ar an 28 Eanáir 2022. Coimeádann EMA an láithreán gréasáin seo i gcomhar le Ballstáit AE agus tíortha LEE, agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Cé chomh húsáideach a bhí an leathanach seo?:
Meán: 5 (27 vótaí)