Skip to main content
Veterinary Medicines

Fianáin

Le go n-oibreoidh an láithreán gréasáin seo i gceart duitse, cuirimid comhaid bheaga sonraí ar a dtugtar fianáin ar do ghléas. Is féidir leat a chinneadh cé acu an rianófar nó nach rianófar thú leis na fianáin sin. Is féidir na fianáin a scriosadh tráth ar bith.

Maidir le fianáin

Is éard is fianáin iontu ná píosa beaga sonraí a stórálann láithreán gréasáin ar ríomhaire nó ar ghléas móibíleach an chuairteora.

Úsáidimid fianáin chun feidhmiú teicniúil an láithreáin ghréasáin seo a chumasú. Ina theannta sin, má thoilíonn tú leis, úsáidimid fianáin chun do thaithí brabhsála a bhailiú ar ár láithreán gréasáin. Cuireann sé sin ar ár gcumas staitisticí anaithnide a bhailiú chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár láithreán gréasáin agus ar ár seirbhísí.

Tá cineálacha éagsúla fianán ann:

  • Is é an láithreán gréasáin ar a bhfuil tú ar cuairt a shocraíonn fianáin chéadpháirtí agus ní féidir ach leis an láithreán gréasáin sin iad a léamh. D’fhéadfadh láithreán gréasáin fianáin chéadpháirtí ó sheirbhís sheachtrach a úsáid chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann daoine an láithreán sin, amhail Europa Analytics (féach thíos).
  • Socraítear agus stóráiltear fianáin tríú páirtí ar láithreán gréasáin éagsúil ar bhealach nach bhfuil smacht ag an suíomh a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air.
  • Sábháiltear fianáin seisiúin go sealadach i do bhrabhsálaí gréasáin chun go mbeidh láithreán gréasáin in ann do nascleanúint a rianú, ionas nach gcaitear leat mar úsáideoir nua gach uair a théann tú ó leathanach go leathanach. Scriostar iad go huathoibríoch nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.
  • Sábháiltear fianáin mharthanacha ar do ríomhaire ar feadh tréimhse níos faide agus ní scriostar iad go huathoibríoch nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi chineálacha éagsúla fianán, féach: An Coimisiún Eorpach: fianáin.

Europa Analytics agus a fhianáin

Is é Europa Analytics an tseirbhís a dhéanann monatóireacht ar d’eispéireas brabhsála ar an láithreán gréasáin seo. Bainimid úsáid as chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an láithreáin ghréasáin.

Tá Europa Analytics cumraithe lena úsáid ag láithreáin ghréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh. Úsáideann sé fianáin chéad pháirtí chun sonraí a bhailiú.

Coinníonn an Coimisiún Eorpach smacht iomlán ar na sonraí a bhailítear trí na fianáin chéad pháirtí sin, trí na sonraí sin a stóráil ar a fhreastalaithe féin.

Tá Europa Analytics bunaithe ar ardán anailísíochta foinse oscailte atá rialaithe go hiomlán ag an gCoimisiún Eorpach. Cumasaíonn an t-ardán seo sonraí pearsanta úsáideoirí a chosaint a bhuí le gnéithe amhail dí-shainaithint seoltaí IP.

Toiliú

Cláraíonn Europa Analytics d’eispéireas brabhsála trí fhianáin a úsáid, má tá siad cumasaithe, nuair a osclaíonn tú leathanach.

Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo, is cosúil go mbeidh sé de rogha agat glacadh leis na fianáin go léir nó le fianáin riachtanacha amháin.

  • Mura nglacann tú ach le fianáin bhunriachtanacha, cuirtear stop le Europa Analytics.
  • Má ghlacann tú le gach fianán, cumasaítear Europa Analytics.
  • Mura ndéanann tú rogha agus má leanann tú ar aghaidh ag brabhsáil ar an láithreán gréasáin, cumasaítear na fianáin uile de réir réamhshocraithe.

Má roghnaíonn tú glacadh le fianáin riachtanacha amháin, ní bheidh aon tionchar aige sin ar d’eispéireas nascleanúna ar an láithreán gréasáin seo.

Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh do thoiliú a tharraingt siar nó a thabhairt chun gach fianán a chumasú tráth ar bith.

Is féidir leat do roghanna maidir le fianáin a bhainistiú ó Europa Analytics ar leathanach tiomnaithe Europa Analytics.

An rogha ‘Ná rianaigh mé’

Is feidhm brabhsálaí é ‘Ná rianaigh mé’a chuireann cosc ar láithreáin ghréasáin cuairteoirí a rianú. Más rud é gur chumasaigh tú an rogha ‘Ná rianaigh mé’ ar do bhrabhsálaí, ní phróiseálfaidh Europa Analytics d’eispéireas brabhsála ar an láithreán gréasáin seo.

Tá rogha ‘Ná rianaigh mé’ ag roinnt brabhsálaithe:

Cosaint sonraí

Úsáideann Europa Analytics fianáin chun an t-eolas seo a leanas faoi chuairteoirí a rianú:

  • Seoladh IP (arna dí-shainaithint)
  • Suíomh (tír, réigiún, cathair, gar-dhomhanleithead agus gar-dhomhanfhad)
  • Dáta agus am na cuairte
  • Teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag breathnú air
  • URL an leathanaigh ar a mbreathnaíodh roimh an leathanach reatha
  • Taifeach scáileáin ghléas an úsáideora
  • Am i gcrios ama áitiúil an chuairteora
  • Comhaid a cliceáladh orthu agus a íoslódáladh
  • Naisc chuig láithreán gréasáin eile a cliceáladh orthu
  • An méid ama a thóg an freastalaí leathanaigh ghréasáin a ghiniúint agus a thóg an cuairteoir iad a íoslódáil ina dhiaidh sin
  • Príomhtheanga an bhrabhsálaí gréasáin atá in úsáid ag an gcuairteoir
  • Leagan an bhrabhsálaí
  • Breiseáin bhrabhsálaí
  • Leagan an chórais oibriúcháin
  • Aitheantóir an ghléis
  • Teanga an leathanaigh ar tugadh cuairt air
  • Eolas faoin bhfeachtas
  • Faisnéis maidir leis an láithreán a chuardach
  • Imeachtaí

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis seo chun tuarascálacha comhiomlánaithe anaithnide ar ghníomhaíocht na gcuairteoirí a ullmhú. Chun cruinneas na dtuarascálacha sin a fheabhsú, stórálann fianán céadpháirtí an fhaisnéis seo a leanas ón láithreán gréasáin seo, arna bailiú ag Europa Analytics:

  • Aitheantas cuairteora uathúil randamach
  • Am an chéad chuairte don chuairteoir áirithe sin
  • Am na cuairte roimhe sin don chuairteoir áirithe sin
  • Líon na gcuairteanna don chuairteoir áirithe sin

Gineann Europa Analytics fianán randamach leanúnach aitheantais lenar féidir a aithint cathain a fhilleann úsáideoir ar an láithreán. Tá dáta éagtha 13 mhí ag an bhfianán seo, agus ina dhiaidh sin baintear go huathoibríoch de ghléas an úsáideora é. Úsáideann sé roinnt fianáin seisiúin freisin.

How useful was this page?:
No votes yet